Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 May 1995

Vol. 452 No. 3

Written Answers. - Gaelscoileanna i nGaillimh.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

45 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cé na pleananna atá aici le cóiríocht bhun a chur ar fáil do Ghael-Scoil Dara, ar an Rinn Mhór, Gaillimh. [7700/95]

Tá sé i gceist agam cóiríocht bhuan a chur ar fáil do Ghaelscoil Dara ar Rinn Mhór, Gaillimh, chomh luath agus is féidir.

Ina thaobh seo tá na roghanna éagsúla cóiríochta á mheas sa Roinn faoi láthair. San áireamh anseo ta ceist foirgneamh a thógáil, nó, mar mhalairt, foirgintí scoile atá ann cheana féin a úsáid. Nuair a bheidh an proiséas meastácháin seo críochnaithe beifear i dteangmháil arís le údaráis na scoile.

Barr
Roinn