Trevor Sargent
Ceist:67 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige Bille Cearta Teanga a ullmhú. [9866/95]
Vol. 453 No. 6
67 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige Bille Cearta Teanga a ullmhú. [9866/95]
Tá sé mar chuid thábhachtach de Chlár an Rialtais chun Athnuachana go leanfar le bearta a chur i gcrích, trí chláracha gníomhaíochta Ranna Rialtais agus Eagras Stáit, le feabhas a chur ar an bhfáil, i gcoitinne agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus go dátheangach.
Tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh maidir leis sin ach ní leor é. Caithfear brú ar aghaidh go leanúnach, áfach, d'fhonn feabhas a chur ar an scéal.
Tá mé sásta gurb é an cur chuige thuas an bealach chun dul chun cinn a dhéanamh.
Mar sin níl sé beartaithe agam tabhairt faoi Bhille Cearta Teanga a ullmhú ag an am seo.