Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oideachas sa Ghaeltacht.

Micheál Martin

Ceist:

29 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an gcomhoibriú atá ann idir an Roinn Oideachais agus Údarás na Gaeltachta faoi fhadhbanna oideachais na Gaeltachta agus an bhfuil aon phlean aige chun feabhas a chur ar an scéal. [17780/95]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn comhoibriú idir iad féin agus an Roinn Oideachais i dtaobh chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Is cóir i gcónaí a bheith ag cur leis an gcomhoibriú sin agus ag cuartú bealaí chun cur leis an éifeachtacht maidir le freastal ar riachtanais speisialta an oideachas Gaeltachta agus Gaeilge.

Le déanaí bhuail mé le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus tá fadhbanna faoi leith ag baint le cúrsaí oideachais sna Gaeltachtaí agus, go ginearálta, le scoileanna lán Ghaeilge. An aontaíonn an tAire go bhfuil gá ann anois bord faoi leith a chur ar fáil do scoileanna na Gaeltachta agus scoileanna lán Ghaeilge. Mar is eol dó, tá bord réigiúnach beartaithe ag an bPáipéar Bán oideachas agus is í mo cheist ná, an bhfuil sé in am anois bord speisialta a bheith ann do scoileanna sna Gaeltachtaí.

Ceist i gcóir eolais agam. An bhfuil muid ag tógáil ceist 52 faoi láthair leis an cheist seo?

Tá freagra eile agam do cheist 52. An cheist a chuir an Teachta Martin, níl mé in ann í a fhreagairt anois má tá mé chun ceist 52 a fhreagairt.

Barr
Roinn