Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord Oideachais Ghaeltachta.

Michael McDowell

Ceist:

52 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon phlé déanta aige leis an Aire Oideachais Bord Oideachais Réigiúnda do na cheantair Ghaeltachta a bhunú agus cad é a thuairim féin faoi Bhord Oideachais Gaeltachta den sórt seo ó thaobh pholasaí a Roinne a chur i gcrích. [17773/95]

Baineann an cheist maidir leis an éileamh go mbunófaí Bord Oideachais are leith a fhreastalódh ar scoileanna Gaeltachta leis an Aire Oideachais ar an gcéad dul síos.

Cé go bhfuil bá áirithe agam féin leis an iarratas tuigim gur léirigh an tAire Oideachais a tuairimí láidre féin faoin ábhar i bhfreagra a thug sí ar cheisteanna dála ar 8 Samhain. Tá sé beartaithe agam, áfach a phlé tuilleadh leis an Aire Oideachais.

Measaim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh tuairimí láidre ag an Aire Stáit, mar is ceist an-tábhachtach ar fad í seo do na scoileanna sa Ghaeltacht, mar bíonn fadhbanna speisialta acu ó thaobh téacsleabhair agus áiseanna teagaisc de, agus ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge go ginearálta. Tá na fadhdbanna sin ann agus níl siad sásta faoi láthair go bhfuil an córas atá ann ag freastal orthu go sásúil, agus é an fáth go bhfuil siad ag lorg boird speisialta do scoileanna sa Ghaeltacht. Measaim go bhfuil an tAire Stáit báúil don mholadh sin agus tá sé an-tábhachtach plé níos láidre a dhéanamh leis an Aire Oideachais.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil an scéal seo an-tábhachtach do na gaelscoileanna agus do na scoileanna sa Ghaeltacht. Bhuail mise agus an tAire le hionadaithe ó Ghaelscoileanna agus ó mhuintir na Gaeltachta agus dúramar leo go mbeadh tacaíocht acu ón Roinn seo maidir leis na moltaí a chuir siad faoi bhráid an Aire Oideachais. Déanfaidh mé mo dhícheall na moltaí tábhachtacha seo a chur chun cinn.

An nglacann an tAire Stáit leis, nach mbeidh aon ghá le Roinn na Gaeltachta a bheith ann mura mbíonn Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta? Tá sé fíorthábhachtach cabhrú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht agus os rud é gurb é an córas oideachais an chaoi is fearr agus an chaoi is bunasaí chun é sin a dhéanamh, tá tábhácht faoi leith le bord réigiúnach speisialta a bhunú do na scoileanna sna ceantair Ghaeltachta agus do na gaelscoileanna ar fud na tíre. An gcuirfidh sé in iúl don Teach go bhfuil a Roinn, a Aire agus é féin go láidir taobh thiar den iarratas seo agus go dtabharfaidh siad lán tacaíochta dó, agus an bhféadfaidh sé a chur in iúl, an bhfuil sé seo pléite aige leis an Aire Oideachais fós agus leis an Rialtas?

Mar a dhúirt mé mar fhreagra ar cheist an Teachta Martin, bhuail mise le hionadaithe ó Ghaelscoileanna agus bhí oifigigh ón Roinn Oideachais in éineacht liom. Thug mise agus mo Roinn lán tacaíochta do na moltaí a chuir siad faoinár mbráid agus táimid ag plé an scéil i láthair na huaire.

Cén freagra a fuair an tAire Stáit ón Aire Oideachais? Cad é an toradh ar a iarrachtaí go dtí seo maidir leis an gceist seo? An bhfuil an Roinn Oideachais fabhrach don iarratas?

Chuir an tAire Oideachais a tuairimí láidre in iúl don Teach agus táimidne ag déanamh iarrachta na moltaí nua a chur faoin bráid.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá, an mbeidh bord réigiúnach sa bhreis á bhunú do na scoileanna sa Ghaeltacht agus do na gaelscoileanna.

Tá sé róluath freagra a thabhairt ar an gceist sin.

An nglacfaidh an tAire Stáit leis, go bhfuil práinn faoi leith ag baint leis an gceist seo anois ós rud é go bhfuil glúin de dhaoine óga tar éis bunscolaíocht a fháil trí Ghaeilge ach nach bhfuil aon leanúnachas ar fáil dóibh siúd toisc nach bhfuil dóthain áiteanna do mheánscolaíocht á gcur ar fáil trí Ghaeilge. Toisc nach bhfuil Roinn speisialta ann, tá easpa leanúnachais ann agus an nglacfadh an tAire leis go bhfuil sé práinneach réiteach na ceiste a chur as fáil anois agus gan a thuilleadh ama a chur amú.

Sin ceist eile. Tá mise ag tabhairt freagra ar cheist a 52 agus ar Cheist a 29 ón Teachta Ó Máirtín. Dúirt mé go mbeadh moltaí lucht gaelscoileanna agus lucht na Gaeltachta á bplé idir an Roinn Oideachais agus an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus táimid ag súil le toradh ceart a fháil.

Má thógtar an bunleibhéal agus an dara leibhéal le chéile, tá breis agus 30,000 dalta san iomlán ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge anois. Tá an cheist seo práinneach ós rud é go mbeidh reachtaíocht ag teacht os comhair na Dála seo i mí Aibreáin. An bhfuil an tAire Stáit dóchasach go mbeidh sé in ann meon an Aire Oideachais a athrú sa cheist seo?

Déanfaidh mé mo dhícheall cothrom na Féinne a bhaint amach do na daltaí seo.

An dtuigeann an tAire cé chomh práinneach is atá an cheist seo? An bhfuil a fhios aige go bhfuil múinteoirí gan Ghaeilge á gceapadh anois do scoileanna Gaeltachta? Sin atá ag tarlú faoin Rialtas seo. Tiocfaidh an lá, agus b'fhéidir nach fada uainn é, nuair nach mbeidh aon ghá le Roinn na Gaeltachta. Tarlóidh sé sin muna ndéantar beart fiúntach sa cheist seo anois.

Tá iarracht fé leith fé sheoil againn sa Roinn maidir leis an fhadhb seo agus tá súil agam go mbeidh cothrom na Féinne ann do na daltaí nuair a bheas gach rud pléite.

Barr
Roinn