Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 21, 23, 24 agus 36 le chéile.
Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 17, 18, 40, 43, 47, 56, 67, 74, 94 agus 97 ar 1 Feabhra 1995, colúin 962 go 967 sa Tuairisc Oifigiúil don lá sin, nuair a thug mé sonraí faoi chinneadh an Rialtais den 20 Eanáir 1995 i ndáil le hairgeadú Theilifís na Gaeilge. Níl aon athrú ar an gcinneadh sin.
Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais, cuireadh £3.6 milliún do chaiteachas caipitil agus £2.5 milliún do chaiteachas reatha ar fáil sna Meastacháin do 1995. Chomh maith leis an airgead ón Státchiste do na hoibreacha caipitil do Theilifís na Gaeilge, chinn an Rialtas go bhféadfadh RTE úsáid a bhaint as an tsuim £6.4 milliún (ús san áireamh) a gnóthaíodh mar fharasbarr ar na teorainneacha ioncaim a leagadh síos faoin Acht Craolacháin, 1990. Tuairiscíonn RTÉ go bhfuil suim £3.59 milliún caite go dáta i 1995 ar oibreacha caipitil agus meastar go gcaithfear £3.65 milliún eile roimh dheireadh na bliana. Ó thaobh chaiteachas reatha tuairiscíonn RTÉ go bhfuil £1.1 milliún caite go dáta i 1995 agus meastar go gcaithfear fuílleach an tsoláthair roimh dheireadh na bliana.
Go dtí go gcruthófar bonn dlithiúil ar leith do Theilifís na Gaeilge, tá cúram leagtha ar RTÉ i ndáil le tógáil an bhonneagair tarchuradóireachta agus feidhmiú na seirbhíse, ach dearcadh Chomhairle Theilifís na Gaeilge a thógáil san áireamh. Maidir leis an mbunstruchtúr teicniúil, tuigim ó RTÉ go bhfuil tarchuradóirí tógtha ag dhá phríomhláthair, agus tástáil déanta orthu, agus táthar ag súil leis go mbeidh an próiséas sin críochnaithe leis na príomhtharchuradóirí uile faoi dheireadh an earraigh 1996. Tuairiscíonn RTÉ freisin go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh le tógáil na bhfoirgneamh, na dtúr agus eile a bhaineann leis an gcóras nasc-tarchuradóireachta.
Fuarthas cead pleanála le déanaí don cheannáras i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe, agus tá tús curtha leis an obair ar an láthair.
Maidir leis na cláir féin, tuigim go raibh an chéad bhabhta coimisiúnaithe ann i mí Lúnasa agus gur fógraíodh an dara babhta i mí Mheán Fómhair. Tá obair ag dul ar aghaidh freisin maidir le hábhar a athghuthú i nGaeilge.
Tá súil ag RTÉ go dtosóidh an tseirbhís nua ar 31 Deireadh Fómhair 1996.