Aontaím leis an Teachta nuair a deir sé go bhfuil athrú tagtha ar Roinn na Gaeltachta. Tá áit lárnach ag an Ghaeilge agus cúrsaí na Gaeltachta ann, príomhbhunchlocha na Roinne, atá níos tábhachtaí ná aon ghné eile dá cúraimí. Freisin, níl aon fhaitíos orm go dtiocfaidh lagú ar an Roinn. Ceapaim go bhfuil sé thar am, b'fhéidir, measúnú a dhéanamh ar na nithe atá ar siúl, ar na heagrais éagsúla agus an cinneadh is fearr a dhéanamh, Sin atá ar intinn agam a dhéanamh agus níl sé ar intinn agam aon rud a dhéanamh gan comhchainteanna a bheith agam leis na heagrais atá i gceist.