Robert Molloy
Ceist:68 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh se in iúl cé mhéad tionscnamh forbartha ar oileáin Ghaeltachta a cheadaigh Údarás na Gaeltachta i 1995 agus cé mhéad postanna lánaimseartha a cruthaíodh i ngach aon cheann de na hoileáin Ghaeltachta i 1995; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5796/96]