Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 8 agus 10 le chéile.
Dírím aird na dTeachtaí ar na freagraí a thug mé faoin ábhar seo cheana féin go háirithe na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 21, 23, 24 agus 36 den 28 Samhain 1995 (colúin 1598 go dtí 1600 den Tuairisc Oifigiúil don lá sin).
Tá fhios ag na Teachtaí, ní foláir, go bhfuil socraithe, i gcomhréir le cinneadh an Rialtais den 20 Nollaig 1995, go ndéanfar na costais chaipitil móide na costais reatha a bhainfidh le Téilifís na Gaeilge a mhaoiniú ón Státchiste agus ón airgead atá carnaithe as an bhfarasbarr ar an teorainn ioncaim a leagadh síos faoin Acht Craolacháin, 1990, agus atá coimeádta ag RTÉ. Is é an costas caipitil measta don stáisiún nua ná £16.1 milliún. D'aontaigh an Rialtas freisin go gcuirfí soláthar de £10 milliún in aghaidh na bliana ar fáil ar bhonn leanúnach i leith na gcostas reatha. Chomh maith leis sin, cuirfidh RTÉ uair an chloig amháin de chláir ar fáil saor in aisce don stáisiún nua. Meastar go mbeidh sé sin dóthaineach lena chumasú don stáisiún dhá uair an chloig de chláir a thairiscint in aghaidh an lae í dtosach báire, gan dul i muinín ardaithe sa cheadúnas teilifíse. Is gnó do Chomhairle Théilifís na Gaeilge, i gcomhairle le hÚdarás RTÉ, modhanna a mholadh chun go bhféadfaí maoiniú, nach ón Státchiste é, a ghiniúint do chláir breise. Níl moltaí dá leithéid faighte agam go dáta.
Tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo i ndáil le hinsealbhú an bhonneagair theicniúil agus le coimisiúniú clár. Bhí sé de phléisiúr agam le déanaí an céad fód a chasadh ar an láthair do Cheannáras Theilifís na Gaeilge i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe. Táthar ag siúl leis go mbeidh an stáisiún ar an aer ar 31 Deireadh Fómhair na bliana seo.