Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Mar 1996

Vol. 463 No. 3

Written Answers. - Ministerial Travel.

Ivor Callely

Ceist:

160 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the foreign trips undertaken by him and the Minister(s) of State at his Department since assuming office; the total number of people who travelled on each trip; the names of the passengers; the total cost of each trip; and the sources of funding for each trip. [6290/96]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 88 den 18 Deireadh Fómhair 1995. Ó d'fhreagair mé an cheist áirithe sin, áfach, ní miste a nótáil go bhfuil costais de mhéid £454 íochta ag mo Roinnse i leith an turais a rinne mé go Londain ar 30 Meitheamh 1995.

Ó 18 Deireadh Fómhair 1995 i leith, tá 5 thuras déanta agam thar lear. Tá sonraí sa tábla a leanas faoi na turasanna sin agus faoi na costais go dáta a thit ar mo Roinnse i ndáil le gach turas ar leith.

Tagann an chistíocht ó fhoinsí éagsúla, ar a n-áirítear Vóta mo Roinne-se, aisíocaíochtaí ón Aontas Eorpach agus, i gcásanna áirithe, óna tíortha óstacha.

Ní dhearna an tAire Stáit ag mo Roinnse aon turas thar lear ó ceapadh é.

Áit agus Dáta

Líon Daoine a Thaistil i dTeannta leis an Aire

Cuspóir

Costas go Dáta

£

Madrid18-20 Deireadh Fómhair 1995

4(Rúnaí Cúnta, Príomhoifigeach agus Ardoifigeach Feidhmiúcháin ón Roinn agus Rúnaí Príobháideach an Aire)

Cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí Cultúrtha an Aontais Eorpaigh

684

Brussels19-20 Samhain 1995

3(Rúnaí Cúnta agus Ardoifigeach Feidhmiúcháin ón Roinn agus an Rúnaí Príobháideach)

Cruinniú foirmiúil d'Airí Cultúrtha an Aontais Eorpaigh

Tada

Stockholm

2

Mar ionadaí an Rialtais ag an searmanas bronnta do na Duaiseanna Nobel

Tada

9-11 Nollaig 1995

(Bean an Aire agus an Rúnaí Príobháideach)

Paris14-15 Feabhra 1996

2(Rúnaí Cúnta ón Roinn agus an Rúnaí Príobháideach)

Seoladh na Féile L'Imaginaire Irlandais do mheáin chumarsáide na Fraince

Tada

Paris15-19 Márta 1996

4(Bean an Aire, comhairleoir speisialta an Aire, Rúnaí Cúnta ón Roinn agus an Rúnaí Príobháideach)

Seoladh oifigiúil na Féile L'Imaginaire Irlandais agus ionadaíocht thar ceann an Rialtais ag imeachtaí a bhain le Lá 'lé Pádraig.

Tada

Barr
Roinn