Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Mar 1996

Vol. 463 No. 3

Written Answers. - Consultancy Costs.

Dermot Ahern

Ceist:

161 Mr. D. Ahern asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the overall cost of private consultancies engaged by his Department in each of the years since 1987; and if he will make a statement on the matter. [6429/96]

Ó bunaíodh an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i mí Eanáir 1993 íocadh an méid seo a leanas ó fhó-mhír A7 (Seirbhísí Comhairleoireachta) de Vóta mo Roinne-se i ndáil le comhairleoirí a ceapadh:

Bliain

Costas

£

1993

1994

64,000

1995

148,000

1996

4,552

(go dáta)

Comh maith leis sin ní miste a lua gur iarradh ar National Transcommunications Ltd. (NTL) scrúdú neamhspleách a dhéanamh i ndáil le bunú Theilifís na Gaeilge sa bhliain 1994. Íocadh an costas sin as an bhfarasbarr a bhí carnaithe ag RTÉ de bhreis ar an teorainn ioncaim a bhí leagtha síos faoin Acht Craolacháin, 1990. Tuigfidh an Teachta, áfach, nach mbeadh sé críonna sonraí a thabhairt faoin gcostas a bhain leis an gcás ag féachaint dó gur próiséas tairisceana a bhí i gceist.
Barr
Roinn