Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 May 1996

Vol. 465 No. 6

Written Answers. - Deontais do Mhúineadh na Gaeilge.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

260 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta agus Trádála an bhfuil tionscnaimh atá bunaithe ar mhúineadh na Gaeilge d'eachtrannaigh incháilithe do dheontais faoin gClár Oibríochta don Turasóireacht, 1994 go 1999; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10467/96]

Tá deontais ar fáil faoin gClár Oibríochta don Turasóireacht, 1994 go 1999 i gcomhair tionscnaimh sainspéise, lena n-áirítear tionscnaimh foghlama teanga, ar tionscnaimh iad ar féidir leo cumas fírinneach a léiriú maidir le cur chun cinn chuspóirí fostaíochta agus tuillte ioncaim choigríche an chláir.

Boird bainistíochta neamhspleácha a dhéanann cinn ar iarratais ar dheontais. Ionadaithe ó Bhord Fáilte nó ó Fhorbairt na Sionna (na heagrais atá freagrach as an gclár a chur i bhfeidhm), ó ghrúpaí leasmhara gnó agus gairme agus ó mo Roinn atá ina mbaill de na boird sin.

Barr
Roinn