Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Jun 1996

Vol. 467 No. 1

Written Answers. - Gaelscoileanna agus an Páipéar Bán.

Trevor Sargent

Ceist:

27 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais cén fath nár tugadh aird ar mholtaí Gaelscoileanna maidir le cúrsaí oideachais nuair a bhí an Páipéar Bán á ullmhú. [12700/96]

Foilsíodh an Páipéar Bán i mí Aibreán, 1995, mar thoradh ar phróiseas comhairleach a bhí an-fhada agus an-leathan ar fad. Le trí bliana roimhe sin, bhí díospóireacht dhian ar siúl féachaint cén saghas múnla a bheadh oiriúnach i bhforbairt an oideachais in Éirinn sna blianta romhainn. Rinneadh comhphlé níos leithne agus níos doimhne ná mar a rinneadh riamh roimhe sin. Bhí go leor gnéithe suntasacha agus nuálacha ag baint leis an díospóireacht. Mar shampla, bhí Comhdháil Náisiúnta an Oideachais i nDeireadh Fómhair 1993 agus, ina dhiaidh sin, i 1994, comhchainteanna i dtaobh struchtúr idirmheánach oideachais agus rialú scoileanna. Don chéad uair riamh bhí comhphlé struchtúrtha iltaobhach i measc na bpríomh-chomhpháirtithe san oideachas ar shaincheisteanna ríthábhachtacha a théann i bhfeidhm ar fhorbairt an oideachais. Ghlac Gaelscoileanna, mar aon le go leor eagras gaelacha eile, lán-pháirt sa díospóireacht seo agus chuir mé féin na moltaí a bhí acu go léir san áireamh.

Creidim féin gur chabhraigh an díospóireacht go mór chun an chomhthuiscint is mó a chothú. Chabhraigh sí chomh maith chun comhaontú níos láidre a chur ar bun i leith athruithe lárnacha. Níl mé ag rá, áfach, go bhféadfaí glacadh sa Pháipéar Bán le gach uile tuairim ó gach uile pháirtí. Léiríonn an Páipéar Bán go ndearnadh iarracht teacht ar chomhaontú oiread agus ab fhéidir.

Barr
Roinn