Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 16 Oct 1996

Vol. 470 No. 2

Written Answers. - Droichead (Gaillimh) Inis Niadh.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

108 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige airgead a chur ar fáil le droichead nua a thógáil in Inis Niadh, Cloch na Rón, Contae na Gaillimhe, ó tharla go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe tar éis a thabhairt le fios go bhfuil siadsan sásta airgead a chur ar fáil don obair seo má fhaightear deontas ón Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, agus ó tharla go bhfuil fíordhroch-chaoi ar an droichead seo, agus go bhfuil fíor-ghéarghá lena athnuachan; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18816/96]

Tuigim go bhfuil ceist dhearadh agus chostais maidir le droichead nua a thógáil ag Inis Ní á meas fós ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Ós rud é go mbeadh costas ollmhór i gceist sa chás tuigfidh an Teachta gur ón Roinn Comhshaoil a chaithfidh an Chomhairle Contae cúnamh a lorg.

Barr
Roinn