Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Oct 1996

Vol. 470 No. 7

Written Answers. - Choláiste na Coiribe, Gaillimh.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

156 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici cead a thabhairt do Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe suíomh a cheannach le haghaidh Choláiste na Coiribe, a bhfuil géarghá acu le cóiríocht bhuan; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20196/96]

Éamon Ó Cuív

Ceist:

191 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici aitheantas buan a thabhairt do Choláiste na Coiribe, Bóthar Thuama, Gaillimh, ó tharla go bhfuil 73 scoláire sa gColáiste anois. [20079/96]

Tá sé beartaithe agam Ceisteanna Uimhir 156 agus 191 a fhreagairt le chéile.

I gcoitinne, ní féidir ceist suíomh buan a chur ar fáil do scoil a bhreithniú go dtí go mbíonn aitheantas buan bronnta uirthi. Cé nach bhfuil moladh foirmiúil curtha faoi bhráid na Roinna maidir le h-aitheantas buan a thabhairt do Choláiste na Coiribe, tá stáideas na scoile á bhreithniú sa Roinn faoi láthair.
Chomh luath is atá breith tugtha ag mo Roinn maidir le stáideas Choláiste na Coiribe, cuirfear scéla dá réir chuig Coiste Ghairmoideachais Chathair na Gaillimhe.
Barr
Roinn