Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 12 Nov 1996

Vol. 471 No. 4

Written Answers - Cólaistí Gaeilge Samhraidh.

Robert Molloy

Ceist:

108 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge Samhraidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20977/96]

Níl athruithe sonracha beartaithe ag mo Roinn faoi láthair. Tá an t-athbhreithniú ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge Samhraidh, a bhí á dhéanamh ag grúpa oibre a bunaíodh anuraidh, críochnaithe le tamall anois, áfach, agus tá tuarascáil chuimsitheach le moltaí an ghrúpa á scrúdú ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais. Is féidir go mbeidh athruithe ar na coinníollacha ar ball de thoradh an athbhreithnithe sin.

Barr
Roinn