Faoi mar a cuireadh an iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 163 ar 20 Feabhra, mar fhreagra ar Cheist Uimh. 130 ar 2 Iúil agus mar fhreagra ar Cheist Uimh. 181 ar 15 Deireadh Fómhair fuarthas iarratas ó Chomhar Caomhán Teoranta i mí Feabhra 1995 go dtógfaí sleamhnán in aice na cé ag Inis Oírr.
Chuir Roinn na Mara in iúl go meastar go gcosnódh sé £100,000 chun an sleamhnán sin a thógáil agus iarradh tuarascáil ón Roinn sin ar thionscal na hiascaireachta ar Inis Oíirr agus ar thábhacht an tsleamhnáin don tionscal sin. Tá eolas áirithe faighte ag mo Roinnse ó Roinn na Mara anois i dtaca le tionscal na hiascaireachta ar an oileán agus caithfear an t-eolas sin a mheas i gcomhairle leis an Roinn sin.