Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stait atá anseo agus tá súil agam go bhfuil deáscéal tugtha ag an Aire Chomhshaoil dí mar tá géarchéim uisce in Inis Mór.
Is í Inis Mór an t-oileán is mó daonra de na h-oileaín mara ar fad nach bhfuil ceangailte leis an mór-thír. Tá os cionn 800 duine ina gcomhnaí go buan ar an oileán ach sa samhradh tagann idir míle agus 2,000 duine ar chuairt go dtí an t-oileán gach lá. Is fada fadhbanna uisce an oileáin agus le cúpla bliain tá an chomhairle chontae ag réiteach pleananna leis an bhfadhb seo a shárú. Go dtí an bhliain seo ní bhíodh aon fhadhb uisce sa gheimhreadh ach i láthair na huaire tá géarcheim uisce ann de dheasca an triomaigh. Má tá an t-uisce gann ar an oileán ag an am seo den bhliain agus ag glacadh leis nach bhfuil ach 800 duine agus beag cuairteoirí ar an oileán faoi láthair is féidir leis an Aire Stáit a shamhlú cé chomh dona is a bheidh an scéal i lár an tsamhraidh.
Má tharlaíonn sé go bhfuil ganntanas uisce arís i lár an tsamhraidh d'fhéadfadh sé dochar ollmhór a dhéanamh do shaol sóisialta agus eacnamaíochta an oileáin. Má théann an scéal amach i measc turasóirí nach bhfuil uisce in Inis Mór is beag duine a bheidh sásta cuairt a thabhairt ar an oiléan. Níl oileán ar nós an mór-thír. Ní féidir dul síos an bóthar agus tancanna uisce a thabhairt isteach. Bhí orainn cupla bliain ó shin an t-uisce a thabhairt isteach ar thaincéirí móra ach ní réiteach ar bith é sin i lár an tsamhraidh.
Tá an oiread ceart ag na h-oileánaigh do bhunsheirbhísí is atá ag duine ar bith eile sa tír. Nuair a bhí Micheal Smith ina Aire chas sé le toscaireacht ón oileán, chir sé proíséas ar bun agus ceadaíodh airgead le hobair a dhéanamh.
I mí Márta na bliana seo caite, sin 10 mí ó shin, chuir an chomhairle chontae doiciméidí conradh le haghaidh breis stórais ar aghaidh go dtí an Roinn Chomhshaoil chomh maith le tuairisc ar an tolladh a rinneadh agus maidir leis an foinse uisce agus toradh na tástáileacha. Iarradh cead ag an am sin dul ar aghaidh ag lorg tairiscintí.
Go dtí seo níl aon scéal faighte ar ais ag an gcomhairle chontae ón Roinn Chomhshaoil ainneoin práinn na faidhbe seo.
Tá go leor ráite ag an Rialtas seo i dtaobh na n-oileán. Tá go leor geallúintí tugtha. Do mhuintir Inis Mór is é an gad is goire don scórnach ná uisce a bheith acu ar an oileán mar gan uisce ní féidir saol an oileáin a chur chun cinn ar chor ar bith.
Tá súil agam anois go mbeidh an tAire Stait in ann a rá liom go bhfuil cead tugtha ag an Roinn do Chomhairle Chontae na Gaillimhe dul ar aghaidh agus tairiscintí a lorg don scéim seo láithreach. Beidh rud ar bith eile i bhfad ro-mhall. Má thagann an samhradh seo agus gan uisce ar Inis Mór is ar an Rialtas seo agus ar an moilleadóireacht atá déanta le 10 mí a bheidh an milleán.