Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh áirithe i measc na dtionscnamh atá á meas le h-aghaidh maoiniú caipitil i mbliana. Tá suíomh don scoil aimsithe ach níor ceannaíodh é go fóill mar go bhfuil deacracht maidir le slí isteach chuige. Caithfear an deacracht sin a shárú sular féidir an suíomh a cheannach.
Idir an dá linn, tá mo Roinnse ag leanúint ar aghaidh le pleananna a ullmhú don bhfoirgneamh. A luaithe is a bhíonn réiteach ar an ndeacracht, ceannófar an suíomh. Nuair a dhéanfar amhlaidh, agus nuair a bheidh na pleananna ullamh, déanfar cinneadh maidir le tairiscintí a lorg agus conradh a shíniú i gcóimhthéacs na n-acmhainní a bheidh ar fáil agus na dtosaíochtaí eile ag an am sin.
Maidir le Coláiste na Coiribe, ní féidir ceist foirgneamh nua a chur ar fáil don scoil a bhreithniú go dtí go mbíonn aitheantas buan bronnta uirthi. Tagann an scoil seo faoi choimirce Choiste Ghairmoideachais Chathair na Gaillimhe agus táthar díreach tar éis iarratas forimiúil a fháil ón gcoiste ar aitheantas buan don choláiste.
Tá stádas na scoile á bhreithniú sa Roinn faoi láthair agus déanfar cinneadh ina leith gan mhoill. Braithfidh ceist na cóiríochta buaine ar an gcinneadh seo.