Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 23 Jan 1997

Vol. 473 No. 5

Written Answers. - School Recognition.

Trevor Sargent

Ceist:

64 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta gur fágadh scoileanna nua a raibh iarratais ag lorg aitheantais déanta acu chomh fada siar le mí Feabhra ag feitheamh le scéala ón Roinn i lár mhí Lúnasa seo caite agus an mbeidh luath-aitheantas ar fáil do scoileanna nua dá leithéid amach anseo. [1812/97]

Tá sé de churpóir agam gach iarratas ar aitheantas mar scoil a phróiseáil agus cinneadh a thabhairt dos na h-iarrathóirí chomh tapaidh agus is féidir.

I 1995, deineadh socrú leis an eagraíocht, Gaelscoileanna, go gcuirfí iarratais ar aitheantas faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh mí Márta ó 1996 amach. Bhí mar bhunús leis an socrú sin go go mbeadh dóthain ama ar fáil chun gach iarratas a mheas go cúramach agus cinneadh tráthiúil a dhéanamh.
Caithfear a rá, áfach, gur beag iarratas nach bhfuil deacracht nó castacht éigin ag baint leis. 'Siad na deacrachtaí is coitianta ná: nach mbíonn dóthain daltaí ar fáil nuair a seoltar an t-iarratas, go mbíonn an cóiríocht míshásúil, nó go gcuireann scoileanna sean-bhunaithe i gcoinne an iarratais. Is minic a bhíonn na deacrachtaí seo go léir ag gabháil le h-iarratas amháin agus caithfear gach ceann acu a chíoradh go cúramach.
I gcás uimhir na ndaltaí, is minic a bhíonn breis ama á lorg ag na h-iarrathóirí féin, toisc nach bhfuil an íos-uimhir de pháistí cláraithe acu ó thosach. I gcásanna eile, tuairiscíonn cigirí na Roinne nach bhfuil an cóiríocht atá molta ag na h-iarrathóirí sásúil ó thaobh sábháltachta, spáis nó áiseanna de. I gcásanna eile fós, cuireann scoileanna eile i gcoinne an iarratais ar an mbonn nach bhfuil gá, dar leo, le scoil breise sa cheantar agus go n-ísleofar a rollacháin féin. Chun a bheith cothrom, agus chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil iarratas ar scoil nua in ord i ngach slí, caithfear gach gné de a chíoradh go cúramach. Cuireann na coinsí seo go léir moill ar an bpróiséas, áfach.
Is fiú gné tabhachtach eile a lua. Más rud go dteipeann ar iarratas, caithfear deis a thabhairt dos na h-iarrathóirí achainí a dhéanamh sa chás, más mian leo. Anuraidh, bhí ceithre iarratas déag ar aitheantas mar ghaelscoileanna agus theip ar sé chinn i dtosach. Tar éis dos na h-iarrathóirí sin go léir achainí a dhéanamh agus eolas breise a sholáthar, d'éirigh le trí chinn eile aitheantas a bhaint amach.
In ainneoin na ndeachrachtaí go léir a bhaineann leis na h-iarratais seo, ba mhaith liom go mór dá bhféadfaí cinneadh deireannach a dhéanamh níos luaithe i ngach cás. Anuraidh, bhunaigh mé an Coimisiún um Riachtanais Chóiríochta Scoileanna agus beidh mar chéad cúram eile ar an gCoimisiún moltaí a chur faoi mo bhráid maidir le coinníollacha aitheantais do bhunscoileanna nua. Rachaidh an coimisiún i mbun na h-oibre sin go luath agus tá súil agam go ndéanfar an deacracht a luaigh an Teachta a phlé agus moltaí a dhéanamh ina thaobh.
Barr
Roinn