Éamon Ó Cuív
Ceist:13 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici cúnamh a chur ar fáil le híoc as costais taistil scoláirí dara leibhéal ó na hOileáin, le dul abhaile gach deireadh seachtaine ó tharla nach mbíonn na scoileanna cónaithe ag coinneáil scoláirí ag deireadh seachtainí níos mó, agus ó tharla an costas mór a bhaineann le taisteal chuig Oileáin gach deireadh seachtaine, agus ó tharla go bhfuil saor-oideachas dara leibhéal geallta do chuile scoláire, taisteal san áireamh de réir mar is gá; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2414/97]