Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 25 Mar 1997

Vol. 476 No. 7

Written Answers. - Television Reception.

Cecilia Keaveney

Ceist:

187 Cecilia Keaveney asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht when regions in County Donegal will be able to gain access to Teilifís na Gaeilge; and if he will make a statement on the matter. [8204/97]

Go bunúsach is ceist í seo do RTÉ a bhfuil freagracht tugtha dóibh an bunstruchtúr teicniúil a thógáil do Theilifís na Gaeilge.

Tá deimhnithe ag RTÉ dom go bhfuil na ceantair i nDún na Gall nach féidir Teilifís na Gaeilge a fháil iontu faoi láthair curtha san áireamh ar bhonn tosaíochta sa phlean chun clúdach náisiúnta a chinntiú don stáisiún. Tuairiscíonn RTÉ go lonnófar tarchuradóir do Theilifís na Gaeilge i 1997 ar an láithreán atá acu ag Tearmann, áit a bhfuil tarchuradóir teilifíse lonnaithe cheana féin. Tuairiscíonn RTÉ chomh mhaith go bhfuil láithreáin tarchuradóirí a lorg acu ar bhonn gníomhach do cheantair An Fháil Carraigh, Na nGleannta agus An Ghleanna.

Barr
Roinn