Mary Coughlan
Ceist:22 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige cúraimí turasóireachta sa nGaeltacht a chur faoi chúram Údaras na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8818/97]
Vol. 477 No. 2
22 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige cúraimí turasóireachta sa nGaeltacht a chur faoi chúram Údaras na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8818/97]
Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a tugadh ar 14 Márta 1996 ar Cheist Dála Uimh. 14 faoin ábhar seo inar dúradh go raibh ról aontaithe, ar scála teoranta, d'Údarás n a Gaeltachta i dtaca le forbairt thionscal na turasóireachta cultúrtha, teanga agus oidhreachta sa Ghaeltacht. Seasann an scéal mar sin i gcónaí.