Robert Molloy
Ceist:11 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén chabhair airgid atá curtha ar fáil do na comharchumainn éagsúla. [9000/97]
Vol. 477 No. 2
11 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén chabhair airgid atá curtha ar fáil do na comharchumainn éagsúla. [9000/97]
Is Ceist staitistiúil é seo agus tá sonraí de na deontais reachtála agus de na deontais chaipitil a d'íoc mo Roinnse leis na Comharchumainn Ghaeltachta éagsúla anuraidh á gcur ar fáil sa Tuairisc Oifigiúil.
Caiteachas ar Chomharchumainn Ghaeltachta i 1996
Comharchumann |
Deontas Reachtála |
Deontas Caipitil |
£ |
£ |
|
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo |
40,000 |
|
Comhar Thoraí Teo |
37,000 |
|
Comharchumann Marglann Stoic an Clocháin Teo |
7,000 |
|
Comharchumann na Rosann Teo |
10,000 |
|
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo |
22,500 |
|
Comharchumann Iascairí Iarthar Mhaigh Eo Teo |
20,000 |
|
Comharchumann Inis Meáin Teo |
40,000 |
40,000 |
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo |
33,000 |
15,120 |
Comharchumann Shailearna Teo |
33,000 |
|
Comharchumann Chonamara Thiar Teo |
33,000 |
|
Comharchumann Forbartha Inis Mór Teo |
40,000 |
|
Comhar Caomhán Teo |
40,000 |
4,800 |
Comharchumann Forbartha an Leith Thrúigh Teo |
4,800 |
|
Comharchumann Naomh Fhionáin Teo |
19,000 |
20,000 |
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo |
33,000 |
2,000 |
Comharchumann Chléire Teo |
40,000 |
1,250 |
Comharchumann Ráth Cairn Teo |
33,000 |
2,000 |
Iomlán |
478,300 |
92,170 |
Carlow-Kilkenny): I gceist staitisticiúil, de ghnáth ní bhíonn ceisteanna eile.
Cén comhfhreagras atá curtha ar fáil do na comharchumainn éagsúla?
An bhféadfadh an tAire Stáit a dheimhniú dom go bhfuil sé suas go hiomlán don Údarás a shocrú, ó tharla gur faoina chúram atá comharchumainn na Gaeltachta, cé mhéad dá gciste a chaitheann siad ar na comharchumainn Ghaeltachta.
Nuair a aistríodh an fhreagracht ó mo Roinn-se go dtí an tÚdarás, socraíodh go mbeidh na deontais a bhí ag na comharchumainn i mbliana mar an gcéanna sna blianta atá romhainn. Sin é an tuairim atá agam ina thaobh sin.
Beidh a fhios ag an Teachta féin nuair a gheibheann sé na figiúirí.
Tá a fhios agam na figiúirí cheana féin — is cathaoirleach mé ar chomharchumann.
Tá ceist an-simplí agam ar an Aire Stáit. Má theastaíonn leis an Údarás cur leis an méid caiteachais atá á dhéanamh leis na comharchumainn Ghaeltachta — agus ar ndóigh tá boilsciú i gceist — an bhfuil sé de chead acu é sin a dhéanamh gan teacht ar ais agus cead an Aire a lorg?
Is féidir leo.