Tá na riachtanais maidir le húsáid Gaeilge agus Béarla ar shíneacha bóithre leagtha amach i lámhleabhar nua cuimsitheach ar shíneacha bóithre a d'fhoilsigh mé i mí na Nóllaig seo caite. Tá cóip i Leabharlann an Oireachtais. Dearbhaíonn an lámhleabhar riachtanais a bhí leagtha amach sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha) maidir le húsáid Gaeilge agus Béarla ar shíneacha fáisnéise ar a dtaispeántar logainmneacha. Leathnaíonn sé na riachtanais sin chun síneacha d'oibreacha bóithe agus síneacha rabhaidh, ina núsáidtear téacs, a chlúdú.
Tá na riachtanais sin reachtúil ach amháin i gcás síneacha d'oibreacha bóithre agus síneacha rabhaidh nuair atá contúirt ann nach dtuigfear an rabhadh toisc an iomarca téacs a bheith ar an tsín. I gcás mar sin caithfear síneacha ar leith i mBéarla agus as Gaeilge a úsáid.
Faoi alt 95 (16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, tá feidhm reachtúil ag an lámhleabhar agus an chiorclán a eisíodh leis. Tá mé ag déanamh socruithe chun litir meabhrúcháin a chur chuig údaráis aitiúil maidir leis na riachtanais seo.