Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Apr 1997

Vol. 478 No. 5

Written Answers. - Coiste Gairmoideachas.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

96 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó Choiste Gairmoideachas, Chontae na Gaillimhe, le cúrsa do leibhéal na hArdteistiméireachta a chur ar fáil i gColáiste Ghobnait in Inis Oirr; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11628/97]

Tá an t-iarratas seo á mheas i mo Roinn faoi láthair agus tá súil agam go ndéanfar cinneadh ina leith go luath. Chomh luath is atá breith tugtha sa chás, cuirfear scéala dá réir chuig an Coiste Gairmoideachais.

Barr
Roinn