Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Oct 1997

Vol. 481 No. 6

Written Answers - Cheapacháin Múinteoir.

Michael D. Higgins

Ceist:

81 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé ar intinn aige múinteóir fheabhais lán-aimseartha a cheadú do Scoil Sailearna, Indreabhán, Contae na Gaillimhe chun an córas oideachais a fheabhsú sa gceantar sin. [16719/97]

Braitheann soláthar postanna dá leithéid in aon bhliain ar leith ar phostanna breise a bheith ar fáil de thoradh laghduithe ar líon na ndáltaí sa chóras bunscolaíochta. Cheadaigh an tAire a bhí romham na postanna a bhí ar fáil ón bhfoinse seo don scoilbhliain 1997-98 mar chuid de chomhaontú le Cumann Múinteoirí Éireann faoi shocruithe foirne go ginearálta. Cuireadh 51 múinteoirí feabhais breise ar fáil do scoileanna náisiúnta, don bhliain reatha.

Ní acmhainn dom a thuilleadh múinteoirí feabhais a chur ar fáil do scoileanna náisiúnta i láthair na huaire.
Leanfaidh mé ag athbhreithniú an tsoláthair do limistéar na riachtanas speisialta, an tseirbhís múinteoreachta feabhais san áireamh, lena chinntiú go ndéanfar na hacmhainní uile atá ar fáil a dháileadh ar an mbealach is éifeachtaí. Is féidir liom a dhearbhú don teachta go gcuirfear san áireamh go hiomlán na riachtanais atá ar an scoil a bhfuil sé ag tagairt di igcomhthéacs dáileadh breise ar bith a dhéanfar ar acmhainní feabhais amach anseo.
Barr
Roinn