Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Nov 1997

Vol. 483 No. 5

Written Answers. - Oibreacha Calaphort ar Oileán Thoraigh.

Dinny McGinley

Ceist:

141 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta ar oibreacha calaphoirt ar Oileán Toraigh i rith na bliana agus cén uair a bhfuil súil aici go mbeidh an fhorbairt tugtha chun críche. [20646/97]

Cuireadh tús leis an mórscéim mhuiroibreacha ag an mBaile Thiar, Toraigh, anuraidh agus táthar ag súil leis go gcríochnófar na hoibreacha i 1999. Rinneadh an obair dhreidireachta faoi chonradh anuraidh agus i mbliana leathnaíodh an seanché agus cuireadh tús le síneadh a chur leis an gcé.

Barr
Roinn