Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Nov 1997

Vol. 483 No. 5

Other Questions. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Paul McGrath

Ceist:

9 D'fhiafraigh Mr. McGrath den Aire Ealaíon, Oidhreachta Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici ardú deontais a thabhairt i leith Scéim Labhairt na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina taobh. [20785/97]

Tá scéim labhairt na Gaeilge nua i bhfeidhm ón scoilbhliain 1993-4. Is mar thoradh ar athbhreithniú ar an seanscéim a bhí ann ó 1934 i leith a tháinig an scéim nua ar an saol. Tá an scéim nua, a bhfuil éileamh mór uirthi, dírithe ar theaghlaigh seachas ar pháistí aonaracha mar a bhí roimhe seo.

Is é cuspóir na scéime nua muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus sa phobal i gcoitinne.

Faoin scéim is féidir leis an Roinn deontas £200 in aghaidh na scoilbhliana a íoc le teaghlaigh le 3 nó níos mó dalta scoile agus deontas £100 in aghaidh na scoilbhliana a íoc le teaghlaigh le 2 nó níos lú dalta scoile má shásaíonn na teaghlaigh coinníollacha na scéime — go háirthe na coinníollacha gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha agus go bhfuil an líofacht nádúrtha dá réir acu, agus go bhfuil cónaí orthu sna Limistéir Ghaeltachta. Mura bhfuil an t-ardchaighdeán atá riachtanach don scéim ag teaghlach is féidir leis an Roinn deontas laghdaithe 50% a íoc leis an teaghlach sin ach í a bheith sásta go bhfuil ar a chumas an t-ardchaighdeán cuí a bhaint amach.

Níl sé i gceist agam an deontas atá ar fáil faoi scéim labhairt na Gaeilge a mhéadú san scoilbhliain reatha. Tá coinníollacha na scéime á scrúdú agam faoi láthair, áfach, agus má bhíonn aon athrú le déanamh amach anseo fógróidh mé é sin ag am cuí.

Cathain a bhunófar an Coiste Náisiúnta atá luaite sa phlean Rialtais chun scrúdú a dhéanamh ar na modhanna múinteoireachta Gaeilge chun forbairt a dhéanamh ar an gcaint ar fud na tíre? An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit Scéim Labhairt na Gaeilge a leathnú go háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáthteanga teaghlaigh, mar shampla, i gcás páistí atá ag freastal ar ghaelscoileanna ar fud na tíre? An raibh teagmháil idir an tAire Stáit agus an mhuintir ina áit féin áit daoine ag filleadh ó Shasana agus ó na Stáit Aontaithe gan aon Gaeilge? B'fhéidir go mba cheart dóibh siúd a bheith páirteach sa scéim freisin.

Tabharfaidh mé freagra don dara ceist ar dtús. Mar is eol don Teachta, sin ceist don Aire Oideachais. Ba cheart don Teachta ceist a chur síos faoi.

Tá sé sa phlean Rialtais don Ghaeilge.

Sea. Tá a fhios agam ach tá a lán rudaí sa phlean Rialtais. Tá rudaí ann faoi ghaelscoileanna, ach baineann siad sin leis an Aire Oideachais.

(Interruptions.)

Táim cinnte go bhfuil an tAire Oideachais ag plé leis sin agus molaim don Teachta ceist a chur air. Maidir leis an dara ceist——

Tabhair freagra inniu.

Tá go leor freagraí tugtha agam inniu. Tá sé ag cur as don Teachta an oiread cinntí atá déanta sa Roinn i mbliana, rud a thaispeánann a laghad cinntí nuair a bhí an Rialtas deiridh ann.

Níl sé fíor. Bunaíodh Teilifís na Gaeilge——

Tá sé fíor.

Ní dhearna an Teachta aon rud.

B'fhéidir nach cuimhin leis an Teachta nach raibh mé riamh i rialtas.

Tógadh cinntí agus rinne an tAire Stáit iarracht iad a loit.

(Interruptions.)

Mar a bhí á rá agam, sular cuireadh isteach orm, tuigim an fhadhb maidir le teagmháil leis an mhuintir atá luaite ag an Teachta. Is fadhb mhór é go bhfuil mórán daoine ag teacht abhaile chuig na Gaeltachtaí agus de bharr gur chaith siad mórán ama thar lear níl aon Ghaeilge acu. Tá sé ar intinn againn scrúdú a dhéanamh ar an gceist seo. Tuigim go bhfuil gá le gníomhaíocht agus baineann an ghníomhaíocht sin leis an Roinn Oideachais chomh maith le mo Roinn. Tá súil agam dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais ar an gceist. Tá fhios ag an Teachta gur cheist an-chasta í seo agus ní mór scrúdú fíorchruinn a dhéanamh ar an gceist sin.

Maidir leis Scéim Labhairt an Gaeilge, tá a fhios ag an Teachta go bhfuil sé dirithe don chuid is mó ar theaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáththeanga. Chuir an Teachta ceist faoi é a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht. I láthair na huaire níl aon phleanna é sin a dhéanamh. Tógadh an cheist seo go minic thar na mblianta, agus caithfimid scrúdú géar a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheadh leis. Níl m'intinn dúnta agam ar an gceist agus déanfaidh mé scrúdú air i rith mo thréimhse mar Aire Stáit. Ceann de na buntáistí a bhaineann leis an scéim seo, taobh amuigh de chuidiú airgid do na teaghlaigh atá i gceist, ná go dtugann sé áireamh dúinn ar na teaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge mar gnáththeanga iontu.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit comhlachtaí cosúil le Bord na Gaeilge agus Gael-Linn a thógaint san áireamh nuair ata scéim nua labhairt na Gaeilge á meas aige?

Cad atá i gceist ag an Teachta?

Dúirt an tAire Stáit nach raibh a intinn dúnta i dtaobh scéim nua. Iarraim air cúnamh a thabhairt do Bhord na Gaeilge agus do Ghael-Linn chun scaipeadh níos fearr a dhéanamh ar Scéim Labhairt na Gaeilge.

B'fhéidir go bhfuil easpa eolais ar an Teachta. An cheist atá ann ná nach féidir le daoine taobh amuigh den Ghaeltacht cur isteach ar an scéim faoi láthair ach i gcás corr-eisceacht ar chúrsaí stairiúla. Tá an Teachta ag cur na ceiste an bhféadfainn an scéim a athrú ionas go bhféadfadh teaghlaigh lánGhaelacha i mBaile Átha Cliath, mar shampla, cur isteach ar an scéim. Má theastaíonn ó dhaoine aighneacht a chur chugham i dtaobh na ceiste sin, faoi an bhfuil sé inmholta nó nach bhfuil, cinnte, bhreathnóinn orthu. Maidir le leathadh na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, leanfaidh mo Roinn-se ag tabhairt tacaíocht do na heagraíochtaí sin agus tá breis airgid le fáil acu an bhliain seo chughainn chun an obair sin a láimhseáil.

Tá áthas orm go ndúirt an tAire Stáit go bhuil a intinn oscailte faoi leathnú amach Scéim Labhairt na Gaeilge. Ionas go mbeidh an caiteachas fiúntach, an bhféachfadh sé ar cheist Ombudsman do Ghaeilgeoirí, a cuireadh cheana?

Sin ceist eile.

Tá ionadh orm tar éis an rud a dúirt an tAire Stáit. Eisean an tAire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá an teanga ann don tír agus don pobal ar fad. Tá sé ar leathanach 24 sa chlár Rialtais go mbunófaí coiste náisiúnta don Ghaeilge ag breathnú ar na modhanna múinteoireachta agus mar sin de. Tá ionadh orm nár bhuail an tAire Stáit leis an Aire Oideachais chun an coiste san a bhunú. Tá Bord na Gaeilge, GaelLinn agus eagrais mar iad ag déanamh a ndícheall chun an teanga labhartha a fhorbairt timpeall na tíre. Ba mhaith liom go mbuailfeadh an tAire Stáit go luath leis an Aire Oideachais chun an coiste náisiúnta seo a bhunú ionas go mbeimís go léir in ann cabhrú leis i bhforbairt na Gaeilge.

Is féidir le Teachtaí a bheith cinnte go bhfuil plé leanúnach ann idir an tAire Oideachais agus mé féin maidir leis an gcuid sin den chlár a bhaineann le Gaeilge agus le hoideachas. Dúirt mé, agus seasaim leis, gur ceist sonrach don Aire Oideachais é cén uair a bhunófar an coiste sin.

Chuir mé ceist ach ní bhfuair mé freagra.

Ba bhreá liom ceist an Teachta Sargent a fhreagairt, ach rialadh as ord é níos luaithe nuair nach raibh an Teachta anseo.

Barr
Roinn