Is Bord neamh-reachtúil faoi choimirce mo Roinne-se é Bord na Leabhar Gaeilge. Tá an bord freagrach as scéim Bhord na Leabhar Gaeilge a fheidhmiú. Is é cuspóir na scéime sin ná cabhrú le foilsitheoirí chun ábhar i nGaeilge a fhoilsiú d'fhonn spéis an ghnáthphobail sa léitheoireacht Ghaeilge a chothú.
Is do shaothair nuafhoilsithe den chineál seo a leanas go príomha a cheadaíonn an Bord deontais:
— Bunleabhair léitheoireachta nuafhoilsithe, mar shampla, leabhair phróis, úrscéalta, cnuasaigh ghearrscéalta, aistí, beathaisnéisí, 7rl.
— Cnuasaigh dhánta
— Drámaí nuachumtha
— Aistriúcháin
Íocann mo Roinnse deontas bliantúil leis an mbord as Ciste na Gaeilge (i.e., fáltais an Chrannchuir Náisiúnta). Soláthar de £325,000 atá ceadaithe don bhord do 1997.
Tá iarrtha ar an mbord athbhreithniú bunusách a dhéanamh ar gach gné de scéim an bhoird agus tá súil agam toradh an athbhreithnithe sin a fháil sar i bhfad.
Tá socruithe á ndéanamh agam bualadh leis an mbord go luath le cúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge a phlé.