Is é Údarás na Gaeltachta an príomhghléas atá ag an Stát chun cuidiú le tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt agus a chothabháil sa Ghaeltacht. Tá réimse leathan de ghríosaithe thionsclaíocha agus de ghníomhaíochtaí á n-úsáid ag an Údarás chun fostaíocht a chruthú agus chun deiseanna oiliúna agus forbartha pearsanta a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Cuimsíonn straitéis chruthú fostaíochta an Údaráis céimeanna a luíonn leis na cúinsí ar leith atá i réim sa Ghaeltacht ar nós na teanga.
Is comhlacht Stáit reachtúil é an tÚdarás atá ag plé le forbairt na Gaeltachta ó 1980 ar aghaidh agus a bhfuil torthaí maithe á mbaint amach aige. Ón am sin tá go leor acmhainní Stáit curtha ar fáil don eagraíocht chun forbairt thionsclaíoch agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn agus bíonn tacaíocht iomlán mo Roinne le fáil chun cabhrú leo san obair sin.
Is cúis átháis dom go mbeidh soláthar £24.25 milliúin ar fáil don Údarás i 1998, méadú ar sholáthar 1997. Is léiriú an tsuim shuntasach sin ar thacaíocht an Rialtais don obair thábhachtach a bhíonn ar siúl ag an Údarás ar mhaithe leis an nGaeltacht.