Íocann mo Roinnse deontas bliantúil (£38,000 i mbliana agus soláthar de £39,000 i leith 1998) leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathna, a bhfuil a cheannoifig i mBaile Átha Cliath, mar chabhair i leith costais riaracháin. Tuigim go bhfuil éiginnteacht áirithe ann maidir le méid an mhaoinithe ón Aontas Eorpach don bhiúró sa todhchaí. Bheadh díomá orm dá dtarlódh sé go gcuirfí isteach ar obair an Bhiúró trí easpa maoinithe ón Aontas Eorpach. Tá comhairle dá réir curtha ar fáil ag mo Roinnse don Roinn Gnóthaí Eachtracha d'fhonn cabhrú le hiarrachtaí chun cás an Bhiúró a chur chun cinn san Aontas Eorpach.