Tá iarrachtaí ar siúl le tamall faoi choimirce na Comhdhála EadarRialtas Angla-Éireannach d'fhonn feabhsúcháin suntasacha a bhaint amach i bhfáil sheirbhísí theilifíse RTE i dTuaisceart Éireann. Bainfidh aon fheabhsúcháin i bhfáil RTE a thiocfaidh mar thoradh ar an bpróiseas seo le Teilifís na Gaeilge freisin.
Thug grúpa a bhunaigh an chomhdháil, comhdhéanta d'oifigigh ó mo Roinn féin, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ó Oifig an Stiúrthóra do Rialachán Teileachumarsáide (An Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide roimhe seo), mar aon lena gcomh-oifigigh sa Bhreatain, tuairisc don chomhdháil á rá go bhfaighfí an seans ab fhearr chun fáil RTE sa Tuaisceart a fheabhsú go suntasach sa ghearrthéarma dá gcuirfí deireadh leis na srianta cumhachta i dtreo an Tuaiscirt atá leagtha ar tharchurdóir RTE ag Clermont Carn.