Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 24 ar 23 Deireadh Fómhair 1997.
Tuairiscíonn RTE gur tugadh faoi chlár i leith 1997 chun 29 tharchurasóir de chumhacht íseal a chur ar fáil agus go bhfuil dhá thrian acu sin curtha ar fáil go dáta. Chomh maith leis sin, deir RTE go bhfuil i gceist tús a chur i rith 1998 le huasghrádú na gcóras craolacháin "féin-chabhraitheach" a bhíonn ag gníomhú i gceantair ina mbíonn deacrachtaí craolacháin ar leith.
Beidh suim ag an Teachta sa scéal atá faighte agam ó RTE go bhfuil fáil ar Theilifís na Gaeilge ó mhí Dheireadh Fómhair i mBaile an Lorgan, Béal Átha Beithe, Cluain Eois, Muineachán, Muinchille agus Achadh na Cloiche.