Tá lúcháir orm a chluinstin ón Aire go bhfuil iarratas an chomhairle chontae faighte aige agus go bhfuil sé á mheas go báúil. Táimid iontach sásta leis an méid atá á dhéanamh i Roinn an Aire agus leis an méid a rinne an Teachta Carey nuair a bhí sé ina Aire Stáit do na hoileáin eile sa chontae.
Bhí díomá ar mhuintir Ghabhla nár cuireadh deontas ar fáil dóibh as measc na ndeontas deiridh a tugadh amach tá cúpla seachtain ó shin. Cáilíonn Gabhla go huile agus go hiomlán: tugann Údarás na Gaeltachta aitheantas dóibh, tá roinnt deontas tithíochta curtha ar fáil ann; thug Meitheal Forbartha na Gaeltachta aitheantas dóibh agus chuir siad deontais ar fáil do thionscnamh éigin ar an oileán.
Cén uair a bhfuil an tAire ag súil go mbeidh sé in ann ráiteas a dhéanamh maidir le deontas a chur ar fáil leis na hoibreacha fíorthábhachtacha seo a dhéanamh? Tá mé ag trácht ar chéibheanna agus ar bhóithre. An mbeidh sé ábalta é a dhéanamh roimh dheireadh na bliana seo nó an gcaithfimid fanacht go dtí an bhliain seo chughainn?