(Dublin West): Tá an tAire Stáit ag rá dáiríre nach bhfuil aon fhreagracht air siúd faoi cheist seo na ndeontas comharchumainn ach caithfidh sé a admháil chomh maith nach féidir aon cheist a chur sa Dáil i dtreo is go mbeadh an Rialtas freagrach as an scéal, Ní ceart go ligfí don méid sin tarlú mar mar is eol don Aire Stáit, ceann de na fadhbanna is mó atá ag tír seo faoi láthair ná an brú eacnamaíochta ar dhaoine an tuath a thréigint agus dul isteach i gcathracha móra na tíre, cathracha atá thar a bheith lán cheana féin agus brú uafásach ar spás agus ar sheirbhísí iontu.
An bhféadfadh an tAire Stáit a rá go ginearálta, fiú, an bhfuil aon phlean á ullmhú ag an Rialtas chun leibhéal áirithe infheistíochta a dhéanamh i gcomharchumainn sna Gaeltachtaí a dhéanfadh difríocht suntasach don líon post a fhéadfaí a chur ar fáil agus a chuirfeadh deireadh ar an tslí sin le bánú na Gaeltachta? Ní bheadh ar dhaoine an Ghaeltacht a fhágáil ansin agus d'fhéadfaidís fanacht ann agus saol níos fearr a bheith acu ann, rud a mhaolódh an brú ar na cathracha. Ach caithfidh an infheistíocht a bheith