Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 4 Dec 1997

Vol. 484 No. 2

Written Answers. - Cheapacháin Múinteoir.

Michael D. Higgins

Ceist:

52 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé sásta an dara múinteoir a cheadú do scoil aon oide an Cheathrair Álainn, Fearann a' Choirce, Inismór, Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe. [21705/97]

I mí na Márta 1997, d'aontaigh an tAire Oideachais a bhí ann ag an am ar shocruithe maidir le líon foirne scoile don scoilbhliain seo le Cumann Múinteoirí Éireann. Bhí na socruithe aontaithe seo bunaithe ar an tuiscint go ndáilfí na poist spáráilte go léir a tharlódh de bharr na titime sa daonra daltaí.

Beidh a fhios ag an Aire go bhfuil gealltanas sa Chlár Gníomhaíochta don Mhílaois go dtabharfar tosaíocht shuntasach don bhunoideachas nuair a bheidh acmhainní á ndáileadh. Sa chomhthéacs seo deirtear sa Chlár go mbronnfar an dara múinteoir ar scoileanna aon oide le deichniúr daltaí nó níos mó iontu.

I láthair na huaire, tá 103 bunscoil aon oide sa tír a bhfuil deichniúr daltaí nó nos mó iontu agus tá an scoil dá dtagrann an Teachta ina meascsan.

Ón uair nach bhfuil aon phoist teagaisc ar fáil dom le dáileadh ar na scoileanna sin, tá roinnt roghanna á scrúdú agam d'fhonn an bealach is cúí a aimsiú chun gealltanas an Rialtais do na scoileanna aon oide a chomhlíonadh.

Barr
Roinn