Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Feb 1998

Vol. 487 No. 6

Written Answers - Iarratais Deontas.

Eamon Gilmore

Ceist:

275 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain atá sé i gceist ag an Aire, athrú a chur ar an dlí, nach gceadaíonn d'iarratasóir ón nGaeltacht, atá ina chónaí go sealadach i gceantar lasmuigh den Ghaeltacht, deontas a fháil do theach nua sa Ghaeltacht, a chuirfidh ar a chumas buanchónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht agus an gcuirfear iarratais atá istigh, san áireamh, faoin dlí nua. [4614/98]

Tá mo Roinn ag scrúdú na ceiste seo faoi láthair agus má tá gá le reachtaíocht le fadhbanna áirithe atá ann maidir leis na coinníollacha a bhaineann leis an scéim a réiteach, déanfar na hathruithe sin i gcomhthéacs an Bhille Tithíochta (Gaeltachta) atá a dhreachtú faoi láthair.

Idir an dá linn, tá mo Roinnse sásta i gcónaí iarrtais mar seo a scrúdú go báúil faoi na coinníollacha agus treoir línte atá i bhfeidhm cheana féin.

Barr
Roinn