Dinny McGinley
Ceist:118 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gceadóidh sé deontas le laghaidh halla spóirt do Phobal-Scoil Ghaoth Dobhair in nDún na nGall. [10891/98]
Vol. 490 No. 6
118 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gceadóidh sé deontas le laghaidh halla spóirt do Phobal-Scoil Ghaoth Dobhair in nDún na nGall. [10891/98]
Sé mo pholasaí hallaí corpoideachais a chur ar fáil céim ar chéim do gach scoil nach bhfuil an áis sin acu cheana de réir mar a bhíonn achmhainní caipitil ar fáil.
Caithfear ceist áiseanna corpoideachais a sholáthar do Phobalscoil Ghaoth Dobhair a mheas i gcomhthéacs an chaipitil atá ar fáil i gcóir scoileanna iarbhunoideachais i gcoitinne. Toisc an éileamh ar chóiríocht bhreise a bheith an-ard, níl ar mo chumas a rá go cruinn cathain a cuirfear áiseanna corpoideachais ar fáil sa chás seo.
Tabharfar riachtanais na scoile seo san áireamh de réir mar a cheadaíonn cuinsí airgeadais.