Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 May 1998

Vol. 490 No. 6

Written Answers. - Oilean Thoraigh.

Dinny McGinley

Ceist:

119 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh sé scrudú ar na féidearthachtaí d'áiseanna iar-bhunoideachais a chur ar fáil do dhaltaí ar Oileán Thoraí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10892/98]

Tuigtear dom go bhfuil iarratas le teacht chuig mo Roinn maidir le h-oideachas dara leibheál a chur ar fáil ar Oilean Thoraigh.

Déanfar scrudú ar féidireachtaí an mholaidh sin nuair a fhaightear an t-iarratas.

Barr
Roinn