Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 May 1998

Vol. 490 No. 6

Written Answers. - Scéim na mBóithre.

Michael D. Higgins

Ceist:

75 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas i leith an airgid a bheidh ar fáil do bhóithre áise i 1998 agus 1999 agus an dtabharfaidh sí eolas faoi na bóithre a gcaithfear airgead orthu agus an dáileadh idir na Gaeltachtaí éagsúla. [10852/98]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 6 den 5 Feabhra 1998.

Mar a thugas le fios san fhreagra sin is suim £250,000 atá ar fáil dom faoi Scéim na mBóithre Gaeltachta i mbliana. Tá sé i gceist agam an soláthar sin a roinnt de réir daonra na limistéar Gaeltacht ar chontaetha Gaeltachta éagsúla. Déanfar coigeartú beag ar na suimeanna sin ionas gur feidir suas le £10,000 a chur ar fáil i gcás na gcontaetha le daonra beag (An Mhí agus Port Láirge).
Déanfar cinneadh go luath faoi na bóithre a ndéanfar airgeadú orthu i mbliana.
Ní dhéanfar cinneadh faoin soláthar airgid a bheidh ar fáil do 1999 go dtí níos déanaí sa bhliain.
Barr
Roinn