Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Jun 1998

Vol. 492 No. 5

Written Answers. - Oibreacha Riachtanacha Feabhsúcháin.

Dinny McGinley

Ceist:

119 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtuigeann sí na deacrachtaí atá ag iascairí a úsáideann an ché ag Mucros i gCill Charthaigh agus an bhfuil aon phleananna ag a Roinn le hoibreacha riachtanacha feabhsúcháin a dhéanamh gan mhoill. [14565/98]

Tá tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais suas go dáta — atá faighte ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall le déanaí — i leith na n-oibreacha feabhsúcháin atá riachtanach ar an gCé seo á meas ag mo Roinnse faoi láthair. Tá súil agam go ndéanfar cinneadh sa chás go luath.

Barr
Roinn