Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Íocaiochtaí Deontais.

Dinny McGinley

Ceist:

128 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ag a Roinn an deontas do theach úr sa Ghaeltacht a ardú de bharr méadú mór ar na costais le cúpla bliain anuas. [14666/98]

Níl sé i gceist an deontas áirithe sin a mhéadú faoi láthair.

Dinny McGinley

Ceist:

129 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na deontais d'ionaid phobail i nDún na nGall a cheadaigh a Roinn le bliain anuas. [14667/98]

Ceadaíodh na deontais seo a leanas d'Ionaid Pobail i nGaeltacht Dhún na nGall le bliain anuas:

Ionad Pobail

Méid Ceadaithe

£

Ionad Pobail Árainn Mhóir

1,700

Áislann Chill Chartha*

80,000

Ionad Pobail agus Teach an Phobail Inis Bó Finne

10,000

* Ceadaithe i bprionsabal Lúnasa 1993 agus deimhnithe Bealtaine.

Dinny McGinley

Ceist:

130 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na deontais do pháirceanna imeartha i nDún na nGall a cheadaigh a Roinn ó Mheitheamh 1997 go nuige seo. [14668/98]

Ceadaíodh deontas £63,000 ar 25 Meitheamh 1997 chun páirc imeartha a fhorbairt ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Mhéadaigh mé an deontas sin go £80,000 ar 18 Márta 1998. Níor ceadaíodh deontas d'aon pháirc imeartha eile i nGaeltacht Dhún na nGall ó shin.

Dinny McGinley

Ceist:

131 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na deontais do bhannaí ceoil i nDún na nGall a cheadaigh a Roinn ó Mheitheamh 1997 go nuige seo. [14669/98]

Cheadaigh mé deontas £3,000 ar 15 Meán Fómhair 1997 do Bhanna Píob Ghaoth Dobhair chun cur ar a gcumas oirnéisí ceoil a cheannach.

Dinny McGinley

Ceist:

132 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad scéimeanna na Roinne a chabhraíonn le scoileanna áiseanna teagaisc a chur ar fáil agus cad iad na scoileanna i nDún na nGall a fuair deontais ó Mheitheamh 1997 i leith. [14670/98]

Níl aon scéim ar leith ag mo Roinnse chun cúnamh a thabhairt do scoileanna le haghaidh áiseanna teagaisc a cheannach. Tugadh cúnamh, áfach, faoi scéimeanna cultúrtha agus sóisialta mo Roinne do na scoileanna i nGaeltacht Dhún na nGall atá liostaithe ar an tábla leis seo ó Mheitheamh 1997 ar aghaidh mar chabhair dóibh chun trealamh, ar a n-áirítear ríomhairí, a cheannach.

Scoil

Méid Ceadaithe

£

S.N. Rann na Feirste

900.00

S.N. Mhín an Aoire

750.00

S.N. na Carraige

750.00

S.N. Mhín Tine Dé

900.00

S.N. Taobhóige

750.00

S.N. Thoraigh

900.00

S.N. Luinneach

700.00

S.N. Dobhar

700.00

S.N. Doirí Beaga

700.00

S.N. Cholmcille, Baile na Finne

750.00

S.N. Chróine, An Clochán Liath

500.00

S.N. Bhríde, Na Dúnaibh

500.00

S.N. Árainn Mhór I

750.00

S.N. an Fhál Carraigh

600.00

S.N. Loch an Iúir

800.00

S.N. an Tearmainn

800.00

S.N. Rann na Feirste

900.00

S.N. Leitir Mhic a'Bháird

1,400.00

Pobalscoil Ghaoth Dobhair

1,500.00

Iomlán

15,550.00

Dinny McGinley

Ceist:

133 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na hoileáin i nDún na nGall ar ceadaíodh deontais dóibh ó thosach na bliana seo; cad é méid an deontais i ngach cás; agus cad iad na hoibreacha atá le cur i gcrích. [14673/98]

Dinny McGinley

Ceist:

134 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar ceadaíodh deontas d'oileán Ghabhla i mbliana; cad é méid an deontais a ceadaíodh; agus cad iad na hoibreacha atá le déanamh. [14674/98]

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 133 agus Uimh. 134 le chéile.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 82 inniu ar an ábhar seo.

Barr
Roinn