Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Polasaí Teilifíse.

Donal Carey

Ceist:

126 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an inseoidh sí don Dáil cad iad na hócáidí cultúrtha agus spóirt a mbeidh cosaint dhlíthiúil tugtha dóibh agus nach mbeidh ar lucht féachana teilifíse íoc astu agus iad ag breathnú orthu. [14697/98]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 193 ar 9 Meitheamh 1998 faoin ábhar seo. Ní fhéadfaí chinneadh a dhéanamh leis na hócáidí ar leith a d'fhéadfadh a bheith liostáilte i gcomhréir lena leithéid de reachtaíocht gan an reachtaíocht cuí a bheith achtaithe ag an Oireachtas. Chomh maith leis sin, mar a dúirt mé san fhreagra a thug mé ar 9 Meitheamh 1998, tá i gceist go nglacfar comhairle le lucht eagraithe na n-ócáidí a d'fhéadfadh a bheith san áireamh ag an am cuí.

Barr
Roinn