Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Forbaírt na nOileán.

Dinny McGinley

Ceist:

136 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ina Roinn le fostaíocht a chruthú ar na hoileáin Ghaeltachta amach ó chósta Dhún na nGall. [14676/98]

Is ar Údarás na Gaeltachta atá an cúram maidir le fostaíocht a chruthú ar na hOileáin Ghaeltachta. Bíonn a dhícheall ar siúl ag an Údarás chun deiseanna fostaíochta breise a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán sin — na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall san áireamh — agus tá torthaí fiúntacha bainte amach aige d'ainneoin na ndeacrachtaí móra a bhíonn le sárú san obair sin. Leanfar leis na hiarrachtaí go tréan.

Barr
Roinn