Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Forbairt Tionsclaíochta.

Dinny McGinley

Ceist:

139 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair atáthar ag súil go mbeidh an tionscal úr (sonraí tugtha) i mbun táirgíochta ar an gClochán Liath i nDún na nGall; agus cé mhéad daoine a bheidh fostaithe acu. [14679/98]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an réamhphleanáil do chur i bhfeidhm an togra seo ar siúl faoi láthair; go bhfuiltear ag súil go mbeidh iarratas ar chead pleanála reidh go luath d'athchóiriú na monarchan don ghnó agus go dtosófar ar an obair athchóirithe sin laistigh de thrí mhí ach an cead pleanála a bheith ar fáil; agus go meastar go gcuirfear tús le hearcaíocht foirne don ghnó roimh dheireadh na bliana. Is é an sprioc do Chéim 1 den tionscnamh ná 145 dhuine.

Barr
Roinn