Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Other Questions. - Coiste Idir-Rannaigh na nOileán.

Austin Deasy

Ceist:

9 D'fhiafraigh Mr. Deasy den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas faoi obair an choiste idir-rannaigh atá ag breathnú ar chúrsaí na n-oileán agus an ndéarfaidh sí an bhfoilseofar an tuarascáil nuair a bheidh sé ar fáil. [14497/98]

Richard Bruton

Ceist:

48 D'fhiafraigh Mr. R. Bruton den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé hiad na baill den choiste idir-ranna atá ag déileáil leis na hoileáin, an Ghaeltacht agus an teanga; na cruinnithe a bhí ag an gcoiste go dtí seo; an bhfuil sé i gceist go mbeidh tuarascáil curtha ar fáil go luath ag éirí as; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14481/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 9 agus Uimh. 48 le chéile.

Tá ionadaíocht ó gach Roinn Stáit ar an gCoiste Idir-Ranna do na hOileáin, An Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Bunaíodh an Coiste seo chun cabhrú le mo Roinnse polasaí an Rialtais maidir leis na hOileáin, an nGaeltacht agus an Ghaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus ar bhonn comhordaithe. Bhí trí chruinniú iomlán ag an Coiste go dtí seo agus tá cruinnithe déthaobhacha beartaithe freisin. Is obair leanúnach atá ar siúl ag an gCoiste seo agus mar sin níl i gceist ag an bpointe seo go bhfoilseofar tuarascáil.

Níl na hoileáin sásta leis an rún seo. Nuair a bhunaigh mise an coiste idir-ranna bhi moltaí ó na hoileánaigh sa chéad áit. Cén caoi a bheidh na hoileánaigh sásta go bhfuil a gcuid moltaí sa chéad áit muna bhfoilseolar an tuarascáil?

Tá mé ag ceapadh go bhfuil mithuiscint ar an Teachta Carey i dtaobh na ceiste seo. An rud atá ar bun ag an choiste idir-ranna ná cur i bhfeidhm polasaí an Rialtais atá foilsithe cheana féin. Tá polasaí an Rialtais seo i leith na n-oileán soiléir ón doiciméad polasaí a d'fhoilsigh mé féin roimh an toghchán deiridh. Mar is eol don Teachta tá plé leanúnach ar bun idir mo Roinn agus na hoileánaigh maidir le deacrachtaí na n-oileán. Is é atá ar bun ag an Choiste ná déanamh cinnte go bhfuil comhordnú á dhéanamh ar pholasaí an Rialtais i gcoitinne maidir leis na hoileáin. Mar shampla bhí fadhbanna oideachais a léirigh Inis Fhearcáin agus bhíothas ag iarraidh go gcuirfi leis na seirbhisí oideachais a bhí ar fáil ar Inis Oírr. Bíonn idirbheartaíocht i gceist idir na Ranna Stait ar na rudaí sin agus d'éirigh le mo Roinnse i gcomhair leis an Roinn Oideachais teacht thar cuid de na fadhbanna sin. Is obair leanúnach den cineál sin atá ar bun ag an goiste seachas foilsiú tuarascála. Mar is eol don Teachta d'fhoilsigh an coiste ar a raibh sé féin mar chathaoirleach tuarascáil i rith tréimhse an Rialtais deiridh. Is cur i bhfeidhm atá i gceist againne agus ón bplé atá agam féin leis na hoileánaigh agus ón bplé atá ag na feidhmeannaigh sa Roinn leis na hoileánaigh tá mé an-tsásta go bhfuil na hoileánaigh iad féin sásta leis na socraithe atá curtha i bhfeidhm. Is dóigh liom gur léiríodh é sin in alt a bhí san Irish Times le gairid go bhfuil na hoileánaigh iad féin sásta go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh maidir le cúrsaí oileán de i láthair na huaire.

Cé hiad na baill den choiste atá ag freastal ar chruinnithe agus cé mhéid chruinniú a bhí ag an choiste go dtí seo faoin sórt oibre atá ar siúl acu?

Mar a dúirt mé sa bhfreagra a thug mé, trí chruinniú a bhí ag an choiste go dtí seo. Chomh maith leis sin i gcaitheamh an ama ar fad tá teangbháil dhíreach ar siúl idir mo Roinn agus iad. Bíonn mo Roinn mar shampla ag plé leo faoi Achtanna Roinn na Mara, faoi Achtanna an Roinn Oideachais agus mar sin de ag an am céanna. Maidir le ballraíocht an choiste de is féidir liom liosta de na daoine a d'fhreastal ar chruinnithe a chur ar fáil ach ní fhéadfainn a bheith cinnte gurb é an duine céanna ón Roinn céanna a d'fhreastal ar chuile cruinniú taréis go bhfuil sé sin iarrtha ar na Ranna éagsúla. Ach is féidir liom eolas a thabhairt faoi cé bhí ag freastal ar chruinniú. Chomh fada agus is féidir é is iad na daoine céanna a chuireann na Ranna éagsúla ag na cruinnithe éagsúla. Tá mé féin mar Aire im' chathaoirleach ar an choiste agus tá an tAire Bobby Molloy agus an tAire Davern freisin mar bhaill den choiste.

Barr
Roinn