Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 13, 26 agus 64 le chéile.
Mar atá tugtha le fios agam cheana féin i bhfreagraí a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 74 den 7 Bealtaine 1998 agus Uimh. 394 den 26 Bealtaine 1998 ceadaíodh suim £4.6 milliún i 1996 chun scéim mhór mhuiroibreacha a chur i gcrích thar thréimhse trí bliana ag an mBaile Thiar, Toraigh. Is í Roinn na Mara agus Acmhainní Nadúrtha atá freagrach as na hoibreacha sin a chur i gcrích ar son mo Roinnse agus tá siad tar éis tuairisciú anois go dtógfaidh sé ceithre bliana ar a laghad chun an scéim a chríochnú.
Maidir leis an gceist faoi airgead a bheith aistrithe go dtí tograí eile chuir mé in iúl i bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 238 den 17 Nollaig 1997 gur shocraigh mé ar shuim £500,000 a chur ar fáil chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú i 1997 — cé nach raibh soláthar i Vóta mo Roinne chuige sin. Bhí an soláthar sin ar fáil dom toisc, go háirithe, nach ndeachaigh clár muiroibreacha mo Roinnse — na móroibreacha ag Toraigh go príomha — chun cinn chomh tapaidh agus a bhíothas ag súil leis i 1997.
Íocadh £1.984 milliún sa bhliain 1996 agus íocadh £1.148 milliún i 1997 i leith na móroibreacha ag Toraigh. Tá caiteachas £1milliún measta do 1998. Chomh maith leis sin d'íoc mo Roinnse suim £20,000 le Comhairle Chontae Dhún na nGall i 1997 chun oibreacha fheabhsúcháin a chur i gcrích ar an oileán ag cé an Dúin.