Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Cuairteanna an Aire.

Bernard J. Durkan

Ceist:

14 D'fhiafraigh Mr. Durkan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar thug sí cuairt ar gach ceantar Gaeltachta go dtí seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14502/98]

Brian O'Shea

Ceist:

72 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtabharfaidh sí liosta de na hócáidí oifigiúla sa Ghaeltacht ar fhreastail sí orthu ón am a ceapadh í agus liosta de na hócáidí speisialta i leith cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht sa tréimhse chéanna. [14553/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 14 agus Uimh 72 le chéile.

Cé go mhíonn áthas orm i gcónaí freastal a dhéanamh, feadh mo chumais, ar ocáidi a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, tá, mar is eol do na Teachtaí, cúram speisialta ar an Aire Stáit i mo Roinnse, Éamon Ó Cuív Uasal, maidir leis na cúrsaí sin.

Bíonn an tAire Stáit i gcomhairle go leanúnach leis na pobail sna ceantair Ghaeltachta éagsúla agus le pobal na Gaeilge ar fud na tíre. Tá cuairteanna tugtha aige chomh maith ar formhór mór de na ceantair Ghaeltachta ó ceapadh ina Aire Stáit é. Tá mé cinnte go leanfaidh sé leis na cuairteanna agus leis an gcaidreamh sin ar bhonn gníomhach.

Barr
Roinn