Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Plean Náisiúnta Oidhreachta.

Monica Barnes

Ceist:

18 D'fhiafraigh Mrs. Barnes den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ag éirí as an bhfreagra a thug sí don Dáil ar Cheisteanna Parlaiminteacha 8 agus 34 ar 5 Feabhra, 1998, an ndéarfaidh sí cén dul chun cinn atá déanta ag a Roinn féin chun plean náisiúnta oidhreachta a chur ar fáil; cé hiad na hoifigigh agus cé mhéad oifigeach sa Roinn atá ag déileáil leis seo; cé na daoine a raibh cruinnithe leo go dtí seo agus cé mhéad cruinnithe a bhí acu faoin bplean agus cathain a fhoilseofar an plean; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14476/98]

Proinsias De Rossa

Ceist:

42 Proinsias De Rossa asked the Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands the progress, if any, made with regard to the preparation of a national heritage plan; and if she will make a statement on the matter. [14547/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 18 agus Uimh. 42 le chéile.

Bhunaigh mé Grúpa Stiúrtha taobh istigh de mo Roinnse chun moltaí a thabhairt dom i dtaobh téarmaí tagartha, modh oibre, agus an tréimhse a bheadh ag teastáil chun Plean Náisiúnta Oidhreachta a réiteach. Tá Rúnaí Cúnta ina Chathaoirleach ar an nGrúpa Stiúrtha agus i measc na mball tá Stiúrthóirí Ceannasaithe Rannóg na nUiscebhealaí; Rannóg na Séadchomharthaí agus Maoin Stairiúil; Rannóg na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra; agus Rannóg Seirbhísí Oideachais agus Cuairteoirí de chuid Dúchas The Heritage Service; mar aon le Príomhoifigeach agus Príomhoifigeach Cúnta ón Rannóg Polasaí agus Reachtaíocht Oidhreachta.
Bhí roinnt cruinnithe ag an nGrúpa seo agus ag fo-choiste dá chuid agus tuigim go mbeidh cur faoi bhráid á sheoladh chugam ón nGrúpa go luath. Cuireadh an chéad chuid d'obair an Ghrúpa Stiúrtha i gcrích laistigh de mo Roinn féin agus i gcomhairle leis an gComhairle Oidhreachta. Tá sé ar intinn agam, áfach, go gcuifear próiseas ar bun chun comhairle a ghlacadh go forleathan tar éis do mholtaí an Ghrúpa Stiúrtha a bheith faighte.
Barr
Roinn