Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 17, 24, 31, 38, 73, agus 81 le chéile.
Maidir leis an tacaíocht, an chistíocht agus na deontais atá ar fáil do thionscnóirí Éireannacha i reimsí an cheoil, na n-ealaíon agus an chultúir, is eol do Theachtaí, ní foláir, gurb í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht Stáit a bhfuil an príomh-chúram uirthi na healaíona a mhaoiniú in Éirinn. Is institiúd neamhspleách é an Chomhairle i gcaitheamh a maoinithe i measc na ndisciplíní ealaíne éagsúla agus bhí áthas orm go raibh ar mo chumas cistíocht £26m a dheimhniú don Chomhairle i mbliana, rud a chiallaíonn go raibh mé in ann an geallúint i gClár an Rialtais An Action Programme for the Millennium a chomhlánú. Is fianaise an ardú de £5.166 milliún seo — 25 faoin gcéad níos mó ná an maoiniú don Chomhairle i 1997 — ar dháiríreacht an Rialtais seo i ndáil le forbairt ina bPlean na n-ealaíon sa tír seo. Ciallaíonn an maoiniú seo go mbeidh an Chomhairle in ann na haidhmeanna ina bPlean a bhaint amach sa bhliain reatha.
My Department offers specific support to the music industry and particularly to new and emerging artists through the business expansion scheme, BES, as extended to the music industry, for which I am the certifying authority. Since the BES was extended to the music industry with effect from 6 April 1996, a total of 18 projects with a potential investment of £2,537,000 have been approved and certified.